Page 1 of 1

Module Code - Title:

GA4133 - LITRíOCHT AGUS SAíOCHT 1: 1890-1940

Year Last Offered:

2023/4

Hours Per Week:

Lecture

3

Lab

0

Tutorial

0

Other

0

Private

7

Credits

6

Grading Type:

N

Prerequisite Modules:

Rationale and Purpose of the Module:

Go gcothófaí teagmháil an mhic léinn leis an nualitríocht ó thús ré na hAthbheochana go c.1940 (gearrscéalta, úrscéalta, filíocht agus drámaí); go gcothófaí scileanna anailíse agus bunchumas léirmheastóireachta.

Syllabus:

Mionscagadh ar phrós agus ar fhilíocht thús ré na hathbheochana liteartha; litríocht an phobail agus staidéar speisialta ar phríomhúdair na linne. Léirítear agus déantar anailís ar mheáin scríofa na linne (nuachtáin, irisí na hAthbheochana) agus ar na díospóireachtaí ar chothú na nualitríochta i gcomhthéacs ghluaiseacht na hAthbheochana. Dírítear ar shaothar na n-údar seo: Pádraig Mac Piarais; Liam S. Gogan; Pádraic Ó Conaire

Learning Outcomes:

Cognitive (Knowledge, Understanding, Application, Analysis, Evaluation, Synthesis)

Nuair a bheidh an modúl seo curtha i gcrích go sásúil ag an mac léinn beidh: - eolas aige ar mheáin agus ar iriseoireacht na hAthbheochana - cur amach aige ar phríomhghluaiseachtaí agus ar théamaí litríochta na hAthbheochana liteartha - sé ábalta tuiscint a léiriú ar phríomhshaothair na linne

Affective (Attitudes and Values)

Nuair a chríochnaítear an modúl seo go sásúil bíonn sé de chumas ag an mac léinn: - Tuiscint a léiriú ar idé-eolaíocht liteartha na hAthbheochana - Léirmheas a dhéanamh ar phríomhshaothair na hAthbheochana, idir phrós agus fhilíocht - Téamaí agus struchtúr na litríochta a shuíomh i gcomhthéacs na linne sin.

Psychomotor (Physical Skills)

Cothaítear scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta.

How the Module will be Taught and what will be the Learning Experiences of the Students:

Bíonn trí léacht in aghaidh na seachtaine ag na mic léinn ar an modúl seo, agus iad dírithe ar théama faoi seach. Bíonn mic léinn ó réimse cúrsaí le chéile sa seomra ranga. Bíonn ar na mic léinn téacsanna próis agus filíochta a léamh lasmuigh de na huaireanta teagmhála, chomh maith le saothair chritice agus leabhair ar stair na linne a cheadú.

Research Findings Incorporated in to the Syllabus (If Relevant):

Prime Texts:

de BHALDRAITHE, T. (eag.) (1983) Scothscéalta le Pádraig Ó Conaire , B.Á.C.: Saiséal & Ó Marcaigh
CUIRTÉIS, É. (1986) Cuisle na hÉigse , Cathair na Mart: F.N.T.
Ó CONAIRE, P. (1973) Deoraíocht , B.Á.C.: Talbot
Ó HÁINLE, C. (1979) Scéalaíocht an Phiarsaigh , B.Á.C.: Helicon
O¿LEARY, P. (1994) The Prose Literature of the Gaelic Revival 1881-1921: Ideology and Innovation , Philadelphia: Pennsylvania State University Press
UA LAOGHAIRE, P. () Séadna , B.Á.C.: de Brún agus Ó Nualláin, gan data

Other Relevant Texts:

O¿BRIEN, F. (1978) Filíocht Ghaeilge na Linne Seo , B.Á.C.: An Clóchomhar
Ó DOIBHLIN, B. (1973) Litríocht agus Léitheoireacht , Corcaigh: Mercier
NÍ DHONNCHA, A (1981) An Gearrscéal sa Ghaeilge 1898-1940 , B.Á.C.: An Clóchomhar

Programme(s) in which this Module is Offered:

Semester - Year to be First Offered:

Autumn

Module Leader:

Sorcha.DeBrun@ul.ie